Renishaw SFP1 Installation And User Manual page 67

Hide thumbs Also See for SFP1:
Table of Contents

Advertisement

Available languages
  • EN

Available languages

  • ENGLISH, page 98
RSP3 installation and user's guide
www.renishaw.com
Rabhaidh
Fainic an chorraíl gan choinne. Ba chóir don oibreoir fanacht glan amach ó réimse iomlán oibre cheann an tóireadóra agus an stílis. Ba chóir
don soláthraí a chinntiú go bhfuil an t‐úsáideoir ar an eolas faoi imchlúdach iomlán oibre an chórais.
Moltar cosaint do na súile i ngach aon fheidhmiú lena mbaineann úsáid uirlisí meaisín nó CMManna.
Is í freagracht sholáthraí an mheaisín í chun a chinntiú go gcuirtear an t‐úsáideoir ar an eolas i leith aon ghuaiseacha a bhaineann leis an
oibriúchán, lena n‐áirítear iad siúd a luaitear i gcáipéisíocht táirge Renishaw, agus chun a chinntiú go soláthraítear sciatha cosanta agus
idirghlais sábháilteachta leordhóthanacha.
Déan tagairt do threoracha oibriúcháin sholáthraí an mheaisín féin.
Níl aon pháirt is féidir leis an úsáideoir a sheirbhísiú i gcomhpháirteanna an chórais, ach amháin RCP TC‐2, RCP TC‐3, RCP2 agus FCR25. Níor
chóir aon iarracht a dhéanamh aon chuid den táirge a bhaint dá chéile. I gcás faidhbe, téigh i dteagmháil le do sholáthraí, le do thoil, chun
cúnamh a fháil.
Féadtar toisc bhréagach tóireadóra‐shuite a léiriú i roinnt cúinsí le comhartha an tóireadóra féin. Ná bí ag brath ar chomharthaí tóireadóra le
gluaiseacht an mheaisín a stopadh.
Dá mbeadh sárú truiceartha tóireadóra ann, ní bheadh an meaisín in ann cúlú siar i gcás imbhualadh tóireadóra.
Tá ailt an tóireadóra deartha chun an tóireadóir agus/nó coinneálaí an stílis a scaoileadh i gcás tuairte.
Níl an trealamh seo oiriúnach le haghaidh úsáide in atmaisféar ina bhféadfadh pléascadh tarlú.
Tá guaiseacha cúngúcháin idir na páirteanna. Ná coinnigh greim ar an tóireadóir nó ar cheann an tóireadóra le linn gluaiseachtaí.
Má tá fiúsanna lena n‐athchur, tá sé riachtanach ó thaobh sábháilteachta buaine go n‐úsáidfí fiúsanna den chineál agus den ghrádú ceart.
Ní mór an ceann a iompar i bpacáiste arna sholáthar ag Renishaw.
Ní mór go mbeadh na cáblaí ag teacht le sonraíochtaí Renishaw. D'fhéadfadh cáblú mícheart damáiste a dhéanamh don trealamh.
Issued 06 2022
67

Advertisement

Table of Contents
loading

This manual is also suitable for:

Rsp3Vm11Rsp3 seriesRsp3-1Rsp3-2Rsp3-3 ... Show all

Table of Contents