Sábháilteacht Mheaisín - Renishaw SPA2-2 Installation Manual

Digital servo power amplifier
Hide thumbs Also See for SPA2-2:
Table of Contents

Advertisement

SPA2-2 installation guide
www.renishaw.com
GA ‐ Sábháilteacht
Nuair a thaispeántar an tsiombail seo ar an táirge, ní mór d'úsáideoir an táirge féachaint ar an treoir suiteála chun eolas agus
comhairle sábháilteachta a fháil.
Má úsáidtear an trealamh ar bhealach nach bhfuil mionsonraithe ag an déantúsóir, d'fhéadfadh sábháilteacht an trealaimh bheith lagaithe.
RABHADH: Ní mór don SPA2‐2 a bheith talmhaithe. Tá an OEM nó an suiteálaí freagrach as soláthraithe talmhaithe don mheaisín
iomlán.
RABHADH: Ní ceadmhach don SPA2‐2 soláthar cumhachta a fháil go díreach ón phríomhlíonra.
Ní mór PSU aonair lochtlamhálach atá ceadaithe de réir BS EN 60950‐1:2006+A2:2013 ﴾nó leagan reatha﴿ a úsáid agus a nascadh
le soláthar a chuimsíonn seoltóir talún cosantach.
RABHADH: Is féidir SPA2‐2 a aonrú ón soláthar cumhachta tríd an nascóir cumhachta AC a dhínascadh den PSU seachtrach. Má tá
aon mhodhanna aonraithe breise riachtanach, ní mór do dhéantúsóir an mheaisín nó suiteálaí an táirge é a mhionsonrú agus a
shuiteáil. Ní mór an t‐aonraitheoir a shuiteáil cóngarach don oibritheoir CMM agus é i gcomhlíonadh le BS EN 61010‐1:2010 ﴾nó
leis an leagan reatha﴿ agus le haon rialacháin náisiúnta sreangaithe atá i bhfeidhm sa tír ina suiteáiltear é.
RABHADH: Níor cheart cothabháil a dhéanamh ach amháin tar éis an meaisín a bheith aonraithe ón soláthar leictreach, ón soláthar
aeir comhbhrúite nó ó fhoinsí fuinnimh eile de réir threoracha déantúsóir an mheaisín.
Sábháilteacht mheaisín
RABHADH: Tá seans ann NACH gcoiscfear gluaiseacht an mheaisín gan choinne tríd an SPA2‐2 a mhúchadh nó a aonrú. Moltar
don úsáideoir an meaisín a aonrú ón soláthar leictreachais, ó aer comhbhrúite nó ó fhoinsí fuinnimh eile de réir treoracha ó
dhéantúsóir an mheaisín sula dtéitear isteach sa chrios guaise nó sula ndéantar aon oibriúcháin chothabhála.
AIRE: Moltar go láidir do dhéantúsóir an CMM nó don té a aisfheistíonn an CMM tástáil thréimhsiúil ar an stop éigeandála, agus ar
an lasc athshocraithe a théann leis, más ann di, a áireamh sna treoracha cothabhála.
Issued 11 2020
51

Advertisement

Table of Contents
loading

Table of Contents