Philips R51-GV Instructions Manual page 128

Table of Contents

Advertisement

chianrialtáin ag caochaíl.
2 - Ní mór an cianrialtán a choinneáil gar don teilifís
(laistigh de 1 méadar) i rith péireála chun go n-
oibreoidh sé i gceart.
3 - Mura lainseálann an teilifís an réimse cuardaigh
gutha nuair a bhrúnn tú  , níor éirigh leis an
bpéireáil.
4 - Moltar duit fanacht go dtí go bhfuil an teilifís
tosaithe go hiomlán agus go bhfuil gach próiseas
cúlra lainseáilte sula dtéann tú isteach i mód péireála
mar go bhféadfadh sé tarlú go dtaispeánfar an
teachtaireacht le tuilleadh treoracha ró-dheireanach
ar an scáileán, rud a d'fhéadfadh cur isteach ar an nós
imeachta péireála.
Péireáil nó péireáil arís
Má tá an phéireáil leis an gcianrialtán imithe, is féidir
leat an teilifís a phéireáil arís leis an gcianrialtán.
Díreach brúigh an eochair PAIR (thart ar 3 soicind) le
haghaidh péireála.
Mar rogha air sin, téigh go dtí  Socruithe > Gan
sreang agus líonra > Cianrialtán > Péireáil
cianrialtán, ansin lean na treoracha ar an scáileán.
Taispeánfar teachtaireacht nuair a éiríonn leis an
bpéireáil.
Bogearraí Cianrialtáin
 Socruithe > Gan sreang agus
líonra > Cianrialtán > Eolas faoi bhogearraí reatha
Comhuain is atá an cianrialtán péireáilte, is féidir leat
leagan reatha na mbogearraí cianrialtáin a sheiceáil.
 Socruithe > Gan sreang agus
líonra > Cianrialtán > Nuashonraigh bogearraí an
chianrialtáin
Seiceáil bogearraí cianrialtáin reatha le haghaidh
nuashonruithe.
1.4
Cuardach Gutha
Is féidir leat cuardach a dhéanamh d'fhíseáin ceol nó
rud ar bith eile ar an Idirlíon díreach trí do ghuth a
úsáid. Is féidir leat labhairt isteach sa mhicreafón ar an
gcianrialtán.
Ní mór duit an cianrialtán a phéireáil leis an teilifís sula
n-úsáideann tú cuardach gutha.
Chun Guth a úsáid...
1 - Brúigh  ar an gcianrialtán, lasfar an solas
gorm ar an gcianrialtán agus osclóidh an réimse
cuardaigh, tá an micreafón gníomhach.
2 - Labhair amach an rud atá uait go soiléir. Is féidir
leat labhairt ar feadh 10 soicind sula gcasfar an
micreafón as. D'fhéadfadh sé roinnt ama a thógáil
sula dtaispeánfar na torthaí.
3 - Is féidir leat an rud atá uait a roghnú ó na torthaí
ar an gcuardach.
1.5
Braiteoir IR
Tá an teilifís in ann glacadh freisin le horduithe ó
chianrialtán a úsáideann IR (infridhearg) chun
orduithe a sheoladh. Má úsáideann tú a leithéid de
chianrialtán, bí cinnte i gcónaí go bpointeálann tú an
cianrialtán i dtreo braiteoir infridhearg an chianrialtáin
ar aghaidh na teilifíse.
 Rabhadh
Ná cuir aon rud os comhair braiteoir IR na teilifíse mar
go bhféadfadh sé an comhartha IR a bhlocáil.
1.6
Ceallraí
Mura bhfreagraíonn an teilifís do bhrú eochrach ar an
gcianrialtán, d'fhéadfadh na ceallraí a bheith caite.
Chun na ceallraí a athsholáthar, oscail raca na
gceallraí ag bun an chianrialtáin.
1 - Sleamhnaigh doras na gceallraí sa treo a léirítear
ar an tsaighead.
2 - Athsholáthar na seancheallraí le 2 cheallra
Alcaileacha den chineál AAA-LR03-1.5V. Bí cinnte go
luífidh na deirí  agus  de na ceallraí isteach i
gceart.
3 - Cuir doras na gceallraí ar ais arís agus
sleamhnaigh é go dtí go gcliceálann sé.
Bain amach na ceallraí mura bhfuil an cianrialtán á
úsáid agat ar feadh tréimhse fada.
Diúscair do sheancheallraí go sábháilte de réir na
dtreoracha maidir le húsáid dheiridh.
Chun tuilleadh eolais a fháil, in Cabhair,
roghnaigh Eochairfhocail Deireadh Úsáide.

Advertisement

Table of Contents
loading

This manual is also suitable for:

R52-gv

Table of Contents