Réamhchúraimí Sábháilteachta Ginearálta - MTD HT 51 E Manual

Hide thumbs Also See for HT 51 E:
Table of Contents

Advertisement

Available languages
  • EN

Available languages

  • ENGLISH, page 30
IE
- Ná bain úsáid as an diogálaí fáil nuair atá sé ag
cur fearthainne nó má tá an fál fliuch.
- Ná húsáideadh ach duine cáilithe an diogálaí fáil,
duine a bhfuil taithí aige ar na treoracha úsáide.
- Tá an t-úsáideoir freagrach as damáiste ar bith
agus as lot ar bith a dhéantar leis an diogálaí fáil
ar dhaoine eile nó ar rudaí daoine eile taobh istigh
den limistéar oibre.
Coinnigh an limistéar oibre faoi smacht agus
coisc daoine eile agus ainmhithe ar theacht
isteach ann.
- Úsáid an meaisín go haireach agus é daingean i
do dhá láimh. Cuir cuma sheasmhach dhiongbháilte
ort, go háirithe nuair atá tú ag obair ar dhréimire.
- Seiceáil go rialta go bhfuil na scriúnna teannta
mar is ceart. Seiceáil na lanna go rialta agus má tá
siad damáistithe cuir caint ar an lárionad seirbhíse
do chustaiméirí údaraithe chun iad a dheisiú nó
chun lanna nua a chur leis.
- Seiceáil an limistéar oibre le contúirtí féideartha
a mheasúnú: b'fhéidir go mbeidh siad do-
mhothaithe nuair atá an t-inneall ag gabháil de
bharr an torainn.
- Ná leag lámh ar na lanna nuair nach bhfuil
an clúdach cosanta orthu. Ná beir greim ar an
diogálaí fáil de na lanna chun é a iompar.
- Nuair nach bhfuil an diogálaí fáil in úsáid, agus
nuair atá sé á iompar nó i stóras, cuir in áit thirim
é mar nach bhfuil breith ag páistí air agus cosain
na lanna leis an chlúdach cosanta (1).
- Ná húsáid ach páirteanna breise agus oiriúintí
príomha a sholáthraítear in éineacht leis an
diogálaí fáil nó a mholann an déantóir.
140
LÁMHLEABHAR TREORACH DIOGÁLAÍ FÁIL
3. Réamhchúraimí sábháilteachta
ginearálta
RABHADH!
Caithfear déanamh i gcónaí de réir
bunrialacha áirithe sábháilteachta
agus gléasanna leitreacha á n-úsáid
chun priacal na ndóiteán, na dturraingí
leictreacha agus na lot corportha a
laghdú. Luaitear roinnt díobh thíos.
Sula gcuire tú an diogálaí fáil ag
gabháil, léigh na treoracha seo a leanas
go cúramach agus coimeád iad.
Coinnigh an limistéar oibre glan. Bíonn
contúirt loite ann i limistéar atá trína chéile agus
i gcraobhacha gearrtha.
Measúnaigh timpeallacht an limistéir oibre. Ná
tabhair an diogálaí fáil amach faoin síon agus ná bain
úsáid as má tá priacal dóiteán nó pléisce ann.
Seachain ar thurraingí leictreacha. Seachain
teagmháil chorportha leis an talamh agus le
dromchlaí talmhaithe (m.sh. píopaí, raiditheoirí,
oighinn agus cuisneoirí).
Coinnigh páistí amach. Ná lig do pháistí an
diogálaí fáil a úsáid. Ná lig do dhaoine eile baint
leis an diogálaí fáil nó leis an chábla sínidh. Coisc
daoine nach oiriúnach iad ar theacht isteach sa
limistéar oibre.
Cuir i leataobh uirlisí nach bhfuil tú á n-úsáid.
Cuir na huirlisí nach bhfuil tú á n-úsáid i leataobh
in áit thirim, in airde nó faoi ghlas ar mhodh is
nach mbíonn breith ag páistí orthu.
Ná cuir strus ar uirlisí. Má úsáidtear uirlis mar is
ceart, oibreoidh sí go sármhaith sábháilte.
Bain úsáid as na huirlisí cearta. Ná húsáid
uirlisí nó oiriúintí beaga chun oibreacha troma a
dhéanamh. Ná húsáid uirlisí le rud a dhéanamh
nach bhfuil siad oiriúnach dó: mar shampla, ná
húsáid sábh ciorclach le craobhacha móra nó cip
chrainn a ghearradh.

Advertisement

Table of Contents
loading

This manual is also suitable for:

Ht 61 e

Table of Contents