Roimh Dhúiseacht An Mheaisín; Cothabháil Agus Cúnamh - MTD HT 51 E Manual

Hide thumbs Also See for HT 51 E:
Table of Contents

Advertisement

Available languages
  • EN

Available languages

  • ENGLISH, page 30
IE
4.Roimh dhúiseacht an mheaisín
Soláthar cumhachta
Ná ceangail an diogálaí fáil ach le sruth ailtéarnach
aon phas. Seiceáil go gcomhfhreagraíonn voltas
an tsrutha don voltas oibriúcháin atá le feiceáil ar
chlib sonraíochta oibriúcháin an diogálaí fáil.
Ceangail an phlocóid le soicéad cábla sínidh
oiriúnaigh. Lúb an cábla agus croch ar an taca
(6) i mbéal an chúldhoirnín é.
Suite sciath cosanta na lámh.
- Cuir an sciath sábháilteachta a soláthraíodh
(3) ar na lanna agus ceangail í i gceart leis na
scriúnna (8) ar gach taobh den chásáil mar a
léirítear sa phictiúr.
Dúiseacht an mheaisín
Rabhadh!
Ná húsáid an diogálaí fáil ach le
haghaidh na gcuspóirí a leagadh
amach san alt 'Raon úsáide'.
Dúiseacht/Múchadh
Dúiseacht: Brú an lasc on/off (5) ar an chúldhoirnín
agus an lasc (4) ar an doirnín tosaigh ag an am
céanna leis an dá láimh.
Múchadh: lig amach ceann den dá lasc (5) nó
(4).
Stopann an cosc an lann ar an toirt faoi cheann
0.2 soicind. Tá an splanc beag ag na sliotáin
aerála uachtaracha normálta agus níl aon bhaol
ann don mheaisín nó do na daoine.
142
LÁMHLEABHAR TREORACH DIOGÁLAÍ FÁIL
Gearradh fálta
Sula dtosaí tú ag gearradh leis an diogálaí fáil, bain
amach craobhacha a bhfuil trastomhas níos mó ná
20 mm acu le deimheas crainn. Cuireann gearradh
traipéasóideach le fás nádúrtha na bplandaí agus
mar sin fásfaidh an fál níos fearr.
- I dtús báire, gearr taobh an fháil ó bhun go barr.
Gearr uachtar an fháil ag cur an chrutha is maith
leat air: cothrománach, crochta nó cruinn.
- Tá taobhfhiacla na lainne sábháilteachta cruinn
agus fiartha ar mhodh is go laghdaítear contúirt na
lot. Tá fearas breise frith-aisléime ann le frithbhuillí
a mhaolú nuair a teagmhaíonn an lann le balla, le
claí nó le rud eile.
- Má ghreamaíonn nó má stopann na lanna de
bharr rud a chuaigh i bhfostú iontu, múch an
t-inneall lom láithreach, bain an phlocóid as an
soicéad agus réitigh na lanna.
- Rabhadh! D'fheadfadh bacainní miotail amhail fál
sreinge srl. damáiste a dhéanamh do na lanna.
- Déan deimhin de go mbíonn an cábla leictreach ar
chúl an oibreora i gcónaí agus tosaigh ag gearradh
an fháil san áit is gaire don soicéad leictreach.
Mar sin, cinn ar threo na hoibre sula dtosaí tú ag
gearradh.
5.Cothabháil agus cúnamh
- Sula ndéana tú cothabháil, bain an phlocóid as
an soicéad leictreach.
- Seiceáil an diogálaí fáil sula dtosaí tú ag obair
i gcónaí.
Ná húsáid an diogálaí fáil má tá na lanna damáistithe.
Cuir caint ar an lárionad seirbhísí do chustaiméirí
údaraithe chun deisithe a dhéanamh nó chun
páirteanna nua a chur in áit páirteanna ídithe.
- Nuair atá obair an ghearrtha críochnaithe, glan
na lanna le scuab bog agus le ceirt a bhfuil ola

Advertisement

Table of Contents
loading

This manual is also suitable for:

Ht 61 e

Table of Contents