Raon Úsáide; Réamhchúraimí Sábháilteachta Pearsanta - MTD HT 51 E Manual

Hide thumbs Also See for HT 51 E:
Table of Contents

Advertisement

Available languages
  • EN

Available languages

  • ENGLISH, page 30
1.Raon úsáide
Is le fálta, toim agus toir amháin a dhiogáil a
dearadh an diogálaí fáil mótair seo. Úsáideanna
eile nach bhfuil trácht fúthu sa lámhleabhar seo, tá
siad fágtha amuigh go sainráite as an raon úsáide
ós rud é go bhféadfaidís dochar a dhéanamh don
diogálaí fáil agus daoine a lot go trom.
2. Réamhchúraimí sábháilteachta
pearsanta
Rabhadh!
Féadann an diogálaí fáil daoine
a ghortú go trom! Léigh an
lámhleabhar go cúramach agus déan
de réir modhanna oibre, iompair,
cothabhála, dúiseachta agus múchta
an diogálaí fáil. Léigh agus tuig úsáid
na stiúracha agus na lasc agus
an modh ceart lena n-úsáid. Déan
deimhin de go bhfuil a fhios agat
conas an meaisín a stopadh ar uair na
práinne. Féadann úsáid mhícheart an
diogálaí fáil daoine a ghortú go trom.
Coinnigh an lámhleabhar seo an áit
sábháilte ar mhodh is go dtig leat
breathnú air go héasca nuair is gá.
Má dhamáistítear an cábla leictreach,
cuir caint ar an déantóir nó ar an
lárionad seirbhíse do chustaiméirí
údaraithe le cábla nua nó cóimeáil
speisialta a chur leis.
- Múch an sruth leictreach agus bain an phlocóid
as an soicéad sula bhfága tú an diogálaí fáil gan
tionlacan, sula ndéana tú cothabháil, sula nglana
tú é, sula mbealaí tú é, sula mbaine tú as fostú é
nó sula mbaine tú rudaí a bhacann an lann de.
LÁMHLEABHAR TREORACH DIOGÁLAÍ FÁIL
- Sula gcuire tú an diogálaí fáil ag gabháil, déan
deimhin de go bhfuil an sciath sábháilteachta suite
i gceart. Ná bain aon chuid de as a chéile; ná bain
úsáid as an diogálaí fáil má tá sé damáistithe nó má
tá cuid de ar iarraidh; ná déan athrú ar bith agus ná
gabh do chodanna an diogálaí fáil ar dóigh ar bith.
- Má tá tú á úsáid taobh amuigh, caithfidh tú
úsáid a bhaint as scoradán ciorcaid. Ceangail an
diogálaí fáil le soicéad leictreach talmhaithe.
- Ná bain úsáid ach as cáblaí sínidh stealldíonacha
atá oiriúnach don úsáid taobh amuigh agus atá
deimhnithe.
- Lúb an cábla sínidh agus croch ar a thaca é (6).
- Sula gcuire tú an diogálaí fáil ag gabháil, seiceáil
na páirteanna, an cábla sínidh agus an phlocóid
leictreach. Má tá cuid de ídithe nó damáistithe,
cuir caint ar an lárionad seirbhíse do chustaiméirí
údaraithe lena sheiceáil agus lena dheisiú nó le
páirteanna nua a chur leis más gá.
- Má dhéantar damáiste don chábla nó don chábla
sínidh, nó má ghearrtar iad, bain an phlocóid ón
soicéad leictreach lom láithreach.
- Coinnigh cáblaí leictreacha amach ón áit a bhfuil
tú ag obair agus déan ar mhodh go mbíonn siad
ar do chúl i gcónaí.
- Cuir ort éadaí oiriúnacha i gcónaí, bróga
neamhsciorracha, baill luiteacha éadaigh nach
mbacann gluaiseacht. Ceangail suas gruaig fhada
agus cuir cosaint oiriúnach uirthi más gá. Ná cuir
ort bráisléid nó seodra a fhéadfadh dul i bhfostú
sna páirteanna gluaiste.
- Cuir ort spéaclaí nó masc cosanta agus lámhainní
sábháilteachta i gcónaí, agus cluaschosaint má tá
an torann níos airde ná 85dB(A).
IE
139

Advertisement

Table of Contents
loading

This manual is also suitable for:

Ht 61 e

Table of Contents