MTD HT 51 E Manual page 141

Hide thumbs Also See for HT 51 E:
Table of Contents

Advertisement

Available languages
  • EN

Available languages

  • ENGLISH, page 30
Cuir ort éadaí oiriúnacha. Ná cuir ort baill éa-
daigh nó seodra róscaoilte a fhéadfaidís dul i bh-
fostú sna páirteanna gluaiste. Cuir ort lámhainní
rubair agus bróga neamhsciorracha go háirithe
má tá tú ag obair amuigh. Cuach anoir gruaig
fhada agus clúdaigh í.
Cuir ort spéaclaí cosanta. Úsáid aghaidhmhasc
nó masc deannaigh má tá tú ag obair in áit
dheannachúil.
Láimhsigh an cábla go cúramach. Ná tarraing an
uirlis den chábla. Ná tarraing an cábla leis an phlocóid
a bhaint amach as an soicéad. Coinnigh an cábla
amach ó fhoinsí teasa, ó ola agus ó chúinní géara.
Ceangail eastarraingteoir deannaigh. Ceangail
agus úsáid mar is ceart na fearais eastarraingte
agus bailithe deannaigh, má tá siad ann.
Bí ag obair go sábháilte. Ná coinnigh an obair
ina háit le do lámha ach le bís nó le clampa, ar
mhodh is go bhfuil do dhá láimh agat chun a
bheith ag obair níos fearr.
Bain eochracha agus castairí de. Sula ndúisí
tú an diogálaí fáil, déan deimhin de i gcónaí nach
bhfuil eochracha nó castairí ag gabháil de.
Ná sín thar fhad do láimhe. Ná caill greim do chos
agus coinnigh thú féin ar do chothrom i gcónaí.
Déan cothabháil na huirlise i gceart. Má chuirtear
faobhar ar na lanna agus má ghlantar iad mar is
ceart, oibreoidh an uirlis go sábháilte sármhaith.
Chun na páirteanna a bhealú nó chun na hoiriúintí
a athrú, déan de réir an mhodha oibre a leagtar
amach sna treoracha. Seiceáil an cábla go rialta
agus, má tá sé damáistithe, cuir caint ar an lári-
onad seirbhíse do chustaiméirí údaraithe chun é a
dheisiú. Seiceáil na cáblaí sínidh go rialta agus cuir
cáblaí nua ina n-áit má tá siad damáistithe. Déan
deimhin de go mbíonn na doirníní tirim glan i gcónaí
agus gan rian ola nó bealaidh orthu.
Múch na huirlisí. Nuair nach bhfuil siad in úsáid,
sula ndéana tú cothabháil agus chun páirteanna
nua a chur in áit páirteanna ídithe, m.sh. na lanna,
na béalmhíreanna agus na gléasanna gearrtha.
LÁMHLEABHAR TREORACH DIOGÁLAÍ FÁIL
Seachain ar dhúiseacht de thaisme. Ná
hiompar an diogálaí fáil agus do mhéara ar lasc
na dúiseachta má tá sé ceangailte leis an sruth
leictreach. Sula gcuire tú an phlocóid sa soicéad,
déan deimhin de do bhfuil an lasc ar OFF.
Úsáid cáblaí sínidh don taobh amuigh. Taobh
amuigh, bain úsáid as cáblaí sínidh atá oiriúnach
don taobh amuigh.
Bí faichilleach. Tabhair aire don obair atá idir
lámha agat agus bí ciallmhar. Ná húsáid an
diogálaí fáil má tá tuirse ort.
Seiceáil nach bhfuil páirteanna damáistithe.
Sula n-úsáide tú an diogálaí fáil, déan deimhin de
nach bhfuil an clúdach cosanta nó páirteanna eile
de damáistithe. Má tá, d'fhéadfadh sé cur isteach
ar oibriú ceart an diogálaí fáil. Seiceáil go bhfuil
na páirteanna gluaiste i líne agus iad ag obair go
réidh, nach bhfuil tacaí na bpáirteanna damáis-
tithe, agus nach bhfuil aimhrialtacht eile ann a
d'fhéadfadh cur isteach ar oibriú ceart an diogálaí
fáil. Má tá páirteanna nó cosaintí damáistithe
ann agus gan treoir éagsúil ann sa lámhleabhar
treorach, cuir caint ar an lárionad seirbhíse do
chustaiméirí údaraithe chun iad a dheisiú nó chun
páirt nua a chur ina n-áit más gá. Má tá lasc fabh-
tach, caithfidh an lárionad seirbhíse údaraithe lasc
nua a chur ina áit. Ná bain úsáid as an diogálaí
fáil mura n-oibríonn na lasca chun an meaisín a
dhúiseacht nó a mhúchadh.
Rabhadh. Má úsáidtear oiriúint nó sás eile seachas
iad siúd a mholtar sa lámhleabhar treorach seo, is
féidir go loitear duine. Chun deisiú a dhéanamh,
teigh i muinín teicneora cháilithe. Tá an uirlis leict-
reach seo ag cur le riachtanais na sábháilteachta.
Níl aon deisiú le déanamh ach ag daoine cáilithe
agus iad ag úsáid páirteanna spártha príomha.
Mura ndéantar mar is ceart, is féidir go gcuirfear
isteach go mór ar oibriú an diogálaí fáil. Cuir cábla
leictreach cuí nua leis má tá an cábla damáistithe.
Cuir caint ar an déantóir nó ar an lárionad seirbhíse
do chustaiméirí údaraithe.
IE
141

Advertisement

Table of Contents
loading

This manual is also suitable for:

Ht 61 e

Table of Contents