Download Print this page

Panasonic CF-19F Series Addendum page 11

Advertisement

Available languages
  • EN

Available languages

  • ENGLISH, page 1
Gaeilge
RABHADH: GUAIS PHLÉASCTHA
1. An áit inár féidir nó nár féidir leis an Ríomhaire Glúine a bheith
tógtha ann.
• Tá sé i gceist go n-úsáidtear an ríomhaire seo i Suíomh Neamh-Ghuaiseach
nó Guaiseach mar a rangaítear Limistéar 2 le hAtmaisféar Gháis
phléascaigh phoitéinsúil Grúpai IIB nó IIC*
92/CE-ATEX137).
Ná téitear isteach limistéir le rangú níos airde (m.sh. Limistéar 1 nó
Limistéar 0) leis an trealamh seo!
• Is é sonrú rang Teochta an ríomhaire seo T4 (Féach EN60079-0). Tá an
Chumhacht Ardmhinicíochta níos lú ná 4 W don mhúnla le haghaidh
Gáisghrúpa IIB agus níos lú ná 2 W don mhúnla le haghaidh Gáisghrúpa IIC.
• Ná húsáidtear an ríomhaire seo i mianadóireacht Faoin Talamh nó a
mhacasamháil.
• Ná húsáidtear an ríomhaire seo in Atmasféar Deannach phléascach
phoitéinsiúil de rangú nó de limistéar ar bith.
• Is féidir leis an ríomhaire seo a úsáid in áiteanna inár féidir le deannaigh
neamh-indóite agus neamh-seoltach bheith i láthair.
• Tá úsáid an ríomhaire seo teoranta. Mar gheall ar a shaintréithe teicniúla ní
féidir lena úsáid le gach aon phléascán poitéinsiúil is féidir. Breathnaigh ar
choinniolacha an atmaisféir is féidir bheith i gceist in aghaidh an teochta
agus na leibhéal radaíochta atá astaithe ag an trealamh seo.
2. An cineál ceangaltais agus comhbhall agus an uair ar féidir nó nár
féidir á n-úsáid.
• NÁ ceangail nó dícheangail trealamh ar bith (cineál ar bith de ghaireas
gabhálais seachtraigh nó inmheánaigh) mura bhfuiltear ar eolas gur áit
Neamh-Ghuaiseach í. (m.sh. ná ceangail ag an phort USB, ag poirt chárta
nó pointí ceangaltais eile chomh maith le cineál ar bith stáisiúin nasctha nó
gairis eile agus tú taobh istigh i Suímh Ghuaiseacha mar a rangaítear
Limistéar 2)
• NÁ húsáid trealamh ar bith (cineál ar bith de ghaireas gabhálais
seachtraigh nó inmheánaigh) ach amháin Cárta SIM agus tú taobh istigh i
Suímh Ghuaiseacha mar a rangaítear Limistéar 2 .
• NÁ ceangail nó NÁ húsáid cineál ar bith soláthair cumhachta ( cuibheoir
SA ) mura bhfuiltear ar eolas gur áit Neamh-Ghuaiseach í.
• NÁ ceangail taispeáint seachtrach mura bhfuiltear ar eolas gur áit Neamh-
Ghuaiseach í.
• Ná BAIN AMACH an ceallra nó cuir isteach ceallra i Suíomh Guaiseach
riamh.
• Má tá cumhacht an cheallra ag teacht chun deiridh, imigh an limistéar
rangaithe le haghaidh Luchtaithe.
• NÁ húsáid cártaí mar PC agus/ná CártaLuais agus/ná ná cuir isteach/bain
amach cártaí eile mura bhfuiltear ar eolas gur áit Neamh-Ghuaiseach í.
• NÁ cuir isteach nó bain amach cártaí eile mura bhfuiltear ar eolas gur áit
Neamh-Ghuaiseach í.
3. Úsáid an cháis leathair agus seachaint luchtaithe leictreastaigh.
• Clúdaigh an ríomhaire seo le cás leathair atá sainithe "CF-VNB1901" chun
féideartha spréach a sheachaint nuair a titeadh an ríomhaire seo ar
dhromchla crua in áit Ghuaiseach.
• Comhairle chun luchtú leitreastach/díluchtú a sheachaint;
- NÁ cuimil nó NÁ scrabh ar chuid ar bith den ríomhaire seo.
- NÁ cuimil scáileán LCD le muinchille do chuid eadaí.
- NÁ hiompair an ríomhaire seo agus á úsáid i modh táibhléid.
- NÁ cuimil an ríomhaire seo le fabraic teicstíleach tirim agus / nó le
snáithín sintéiseach.
- Is trealamh inslithe an ríomhaire seo maidir le luchtú leitreastach. Chun
luchtú leitreastach a sheachaint ní mór don té atá ag iompair an
ríomhaire seo bróga seoltachta agus lámhainní seoltachta a chur orthu
(más riachtanach iad lámhainní).
Difríochtaí múnlaí mar atá scríofa sna Treoracha Oibriúcháin agus Reference Manual an Ríomhaire.
Faoi Paca Ceallra (don mhúnla oiriúnach ATEX amháin)
• Is é CF-VZSU50 Uimh. Mhúnla an Phaca Ceallra atá soláthartha leis an ríomhaire seo.
• Ní mór don "CF-VZSU48" atá nótáilte sna Treoracha Oibriúcháin agus sa Lámhleabhar Tagartha a athrú go "CF-VZSU50".
• Má chuirtear paca ceallra CF-VZSU48 sa ríomhaire seo, caithfidh an táscaire ceallra dearg agus ní fheidhmeoidh an ríomhaire.
• Caithfear brac don phaca ceallra a shuiteáil, agus é ina úsáid in áit ghuaiseach.
• Teann scriú an bhraic do chlúdach an phaca ceallra go slán sábháilte.
Ná húsáid an strapa láimhe ná an guailleán atá ceangailte don mhúnla caighdeánach (Múnla neamh-pléascadhdíonach).
Níor threalmhaíodh an ríomhaire seo le lasc gan sreang. Le cumarsáid gan sreang a chumasú nó a dhíchumasú, bain úsáid
as an wireless switch utility (áirge laisc gan sreang) nó as bogearraí eile.
Cé go mbíonn "Default Angle in Laptop Mode" agus "Default Angle in Tablet Mode" sa "Display Rotation Tool Setting" socraithe, ní théann siad i
bhfeidhm.
Maidir le múnla le scáileán tadhaill, tá teaghrán ceangailte don ríomhaire cheanna ag am ceannaigh.
Luaítear "Read the LIMITED USE LICENSE AGREEMENT before breaking the seal on the computer's packaging" faoi "First-time Operation" i
dTreoracha Oibriúcháin an ríomhaire. Mura bhfuil an séala ceangailte ar an phacáiste, áfach, don mhúnla seo. Féach thíos.
Aire:
Taispeántar tríd chasadh ar an ríomhaire seo duit gur glacann tú le téarmaí LIMITED USE LICENSE AGREEMENT sna Treoracha Oibriúcháin agus sa
CHOMHAONTÚ CEADÚNAITHE ÚSÁIDEOIR DEIRIDH atá ceangailte le Táirg(í) Bogearraí.
Tá an táirge seo deartha lena húsáid sna tíortha seo a leanas amháin:
An Ostair an Bheilg an Bhulgáir an Chipir Poblacht na Seice an Danmhairg an Eastóin an Fhionlainn an Fhrainc an Ghearmáin an Ghréig an Ungáir Éire
an Iodáil an Laitvia an Liotuáin Lucsamburg Málta an Ísiltír an Pholainn an Phoirtingéil an Rómáin an tSlóvaic an tSlóvéin an Spáinn an tSualainn an
Eilvéis an Ríocht Aontaithe
Aguisín
1
amháin (Féach Treoir 1999/
- NÁ cuir an ríomhaire seo in aice le hoibiacht atá luchtaithe go
leitreastach nó le hoibiacht a bhfuil sé ar a chumas aige lucht a iompair.
- Clúdaigh na dromchlaí leis an chás leathair atá sainithe sula n-úsáidtear
é in áit Ghuaiseach.
- NÁ bain an cás leathair den ríomhaire seo agus é in áit Ghuaiseach.
- NÁ húsáid an ríomhaire agus an sceo cosanta bainte ó dhromchlá an
scáileáin LCD nó le sceo neamhcheadaithe atá curtha ar dhromchlá an
scáileáin LCD.
- Ná húsáidtear guailleán nó cineál ar bith de chlúdach plaisteach leis an
ríomhaire seo, mura ndeimhnítear nach cúis le lucht leitreasach é.
4. Scrúdú agus cothabháil an ríomhaire.
• Is féidir le hionadaíocht comhbhall oiriúnacht a laghdú le haghaidh
Limistéar 2 maidir le hAtmaisféar Gháis phléascaigh phoitéinsiúil.
• Ní mór don úsáideoir gan deisiúcháin a dhéanamh ar an ríomhaire seo ná
díchóimeáil má bhristear é.
• ROIMH an ríomhaire seo a thógáil in áit Ghuaiseach, lean nósanna
imeachta scrúdaithe mar a leanas thíos. Má thagtar ar fhadhb éigin, NÁ
glac an ríomhaire seo in áit Ghuaiseach, agus cuir an ríomhaire seo chuig
do dhéileálaí nó chuig Tacaíocht Theicniúil de chuid Panasonic le
haghaidh deisiúcháin.
- Scrúdófar an taispeáint le haghaidh damáistí.
- Cinntigh nach bhfuil damáiste, gág, caitheamh ná cuimilt ann i ngach
aon chlúdach cónascaire.
- Cinntigh nach bhfuil damáiste, gág, míchuma ann in áiteanna eile an
ríomhaire trí scrúdú fisiceach.
- Cinntigh nach bhfuil scriúnna ar iarraidh.
- Cinntigh nach bhfuil poill nó damáiste ann sa chás leathair.
- Cinntigh nach scamhfar na lipéid rabhaidh ón ríomhaire agus ón chás
leathair seo.
- Cas an ríomhaire air agus cinntigh nach bhfuil spréach, toit, boladh nó
torann aisteach ann.
- Cinntigh nach bhfuil damáiste eile, caitheamh ná cuimilt ná mífheidhm
oibríoch ann i gcomparáid leis an am a raibh an ríomhaire á úsáid i dtús
báire.
- Cinntigh go bhfuil na clúdaigh chónascaire uile dúnta.
• Roimh úsáid ar bith, scrúdaigh an taispeáint agus gach aon chaipín
líonaigh le haghaidh damáistí agus dún iad.
5. Coinníollacha úsáide agus cosaint an Ríomhaire Glúine.
• Rangaítear an ríomhaire seo mar trealamh iniompartha. Ná coinnítear i
Limistéir rangaithe go buan é.
• Má thitear an ríomhaire, caithfear é a bhaint amach as an áit ghuaiseach
láithreach, agus scrúdaigh an ríomhaire le haghaidh damáiste ar bith mar a
luaitear i 4 thuas.
• NÁ cuir an ríomhaire in áit inar féidir leis bheith curtha faoi thurraing nó
chreathadh.
• Ná nochtar codanna neamh-mhiotalacha do sholas ultraivialait fad
théarmach.
• Ná nochtar codanna neamh-mhiotalacha d'athruithe teochta coitianta.
• Caithfear an taispeáint a chosaint ó imbhuailtí meicniúla. Má tharlaíonn go
mbíonn damáistí nó mífheidhm ann, caithfear an trealamh a bhaint amach
as an áit Ghuaiseach.
• Ná nochtar an ríomhaire seo do theochtaí timpeallachta taobh amuigh den
réimse seo a leanas:
In úsáid: 5 °C go 35 °C
Gan bheith in úsáid: -20 °C go 60 °C
*1: Is ar an ríomhaire a chuirtear in iúl an Grúpa lena rangaítear an ríomhaire
seo.
11

Advertisement

loading

This manual is also suitable for:

Cf-19h seriesCf-19g seriesCf-19f3gafzzCf-19f3gaxzz