Panasonic CF-W7 Series Read Me First page 106

Hide thumbs Also See for CF-W7 Series:
Table of Contents

Advertisement

Available languages
  • EN

Available languages

  • ENGLISH, page 1
Léigh Mise ar dTús
gabhailíní gruaige nó muincí nuair a stóráiltear é nó nuair
a dhéantar é a iompar.
Ná hÚsáid an Táirge Seo le Paca Bataire Seachas an
Paca Bataire a Shonraítear
Ná húsáid ach an paca bataire sonraithe (CF-W7: CF-
VZSU51W/52W, CF-Y7: CF-VZSU45U) le do tháirge. Má
úsáidtear pacaí bataire seachas na pacaí atá déanta agus
atá curtha ar fáil ag Panasonic, d'fhéadfadh guais sábhála
a tharlú (giniúint teasa, adhaint nó maidhm).
Ná leag do lámh ar theirminéil an phaca bataire. Tá
seans ann nach n-oibreodh an paca bataire i gceart a
thuilleach má bhíonn na teirminéil salach nó
damáistithe.
Ná lig don phaca bataire teacht i dteagmháil le huisce,
nó ná lig dó éirí fliuch.
Mura n-úsáidfear an paca bataire ar feadh tréimse
fada (mí amháin nó níos mó), déan an bataire a luchtú
nó a dhíluchtú (úsáid) go dtí go mbíonn idir 30% agus
40% sa bhataire agus déantar é a stóráil in áit
fhionnuar, thirim.
Cuireann an ríomhaire seo bac ar an mbataire a ró-
luchtú tríd an bataire a luchtú nuair nach mbíonn ach
timpeall níos lú ná 95% (nuair a bhíonn an Modh
Sábhála (ECO) ar siúl: ag 75%) den chumhacht
iomlán.
Níl an paca bataire luchtaithe nuair a cheannaítear an
ríomhaire. Déan deimhin de é a luchtú sula n-úsáidtear
é don chéad uair. Nuair a bhíonn an cuibheoir AC
ceangailte leis an ríomhaire, luchtaíonn an bataire go
huathoibríoch.
Má sceitheann an bataire agus má théann an leacht
isteach sna súile, ná cuimil do shúile. Glan amach do
shúile láithreach le huisce glan agus tabhair cuairt ar
an dochtúir le haghaidh cóir leighis chomh luath agus
is féidir.
Tabhair Faoi Deara
D'fhéadfadh an paca bataire éirí te agus é á luchtú
nó nuair a úsáidtear é mar is ghnáth. Is gnáthrud é
seo.
Ní thosóidh athluchtú an bhataire má bhíonn an
teocht inmheánach sa phaca bataire lasmuigh den
teochtraon ceadaithe (0 °C go 55 °C). (
Reference Manual "Battery Power") Nuair a bhíonn
an teocht laistigh den raon ceadaithe, tosaíonn sé
ag luchtú go huathoibríoch. Tabhair faoi deara go
n-athraíonn an t-am athluchtaithe bunaithe ar na
coinníollacha úsáide. (Tógann an t-athluchtú níos
mó ama nuair a bhíonn an teocht ag 10 °C nó níos
lú.)
Má bhíonn an teocht íseal, laghdaítear ar an am
feidhmiúcháin. Ná húsáid an ríomhaire lasmuigh
den teochtraon ceadaithe.
Is earra inchaite é an paca bataire. Ba chóir paca
bataire nua a athchur in ionad an sean-cheann má
thagann an-laghdú ar an méid ama a fheidhmíonn
an ríomhaire ar phaca bataire áirithe agus mura
dtagann feabhas ar fheidhmiú an bhataire i ndiaidh
é a athluchtú arís agus arís eile.
106
Moltar duit an bataire breise a chur i mála
plaisteach chun a theirminéil a chosaint, agus é á
iompar i bpacáiste, i mála cáipéisí, srl.
Múch an ríomhaire i gcónaí nuair nach mbíonn sé
in úsáid. Má fhágtar an ríomhaire ar siúl nuair nach
mbíonn an cuibheoir AC ceangailte, ídeofar an
cumacht bataire atá fágtha.

Hide quick links:

Advertisement

Table of Contents
loading

This manual is also suitable for:

Cf-y7 seriesCf-y7b

Table of Contents