Panasonic CF-W7 Series Read Me First page 105

Hide thumbs Also See for CF-W7 Series:
Table of Contents

Advertisement

Available languages
  • EN

Available languages

  • ENGLISH, page 1
Ná Fág an Táirge Seo i dTimpeallacht An-Te, Mar
Shampla i gCarr ar a Bhfuil an Ghrian ag Taitneamh,
ar Feadh Tréimhse Fada
Má fhágtar an táirge seo in áit ina mbeidh teochtaí an-ard
ann, mar shampla i gcarr ar a bhfuil an ghrian ag
taitneamh nó faoin ngrian, d'fhéadfadh sé seo an
caibinéad a dhífhoirmiú agus/nó dochar a dhéanamh do
na comhbhaill inmheánacha. Má leantar ar aghaidh ag
úsáid an táirge sa staid sin, d'fhéadfadh gearrchiorcadh
nó fabhtanna inslithe a tharlú, srl., a d'fhéadfadh tine nó
geit leictreach a chruthú.
Ná Cuir Bac Leis an Poll Aerála
D'fhéadfadh teas a mhéadú laistigh den táirge agus
d'fhéadfadh tine a tharlú.
Coimeád Greim ar an Phlocóid AC Nuair a Dhéantar Í
a Dhíphlugáil
D'fhéadfaí damáiste a dhéanamh don chorda má
tharraingítear é, agus d'fhéadfadh tine nó geit leictreach a
tharlú.
Ná Bog An Táirge Seo Nuair a Bhíonn an Phlocóid AC
Ceangailte
D'fhéadfadh damáiste a bheith déanta don chorda AC, a
d'fhéadfadh tine no geit leictreach a chruthú.
• Má tá damáiste déanta don chorda AC, déan an
phlocóid AC a dhíplugáil láithreach.
Úsáid an Cuibheoir Sonraithe AC Amháin leis an
Táirge Seo
Má úsáidtear cuibheoir AC eile seachas an ceann atá
curtha ar fáil (ceangailte leis an táirge nó soláthraithe ag
Panasonic) d'fhéadfadh tine a tharlú.
Ná Cuir Aon Bhrú Láidir ar an Cuibheoir AC Seo.
Má úsáidtear an cuibheoir AC tar éis buille láidir a
thabhairt dó, a ligint dó titim d'fhéadfadh geit leictreach,
gearrchiorcad nó tine a tharlú.
Tóg Sos de 10-15 Nóiméad San Uair
Má úsáidtear an táirge seo ar fead tréimhsí fada ama
d'fheadfadh sé cur isteach go dochrach ar do chuid
sláinte súl agus lámh.
Ná Féach isteach sa Tiomántán CD/DVD
Má fhéachtar go díreach ar an foinse solais léasar
inmheánach d'fhéadfadh damáiste a tharlú do radharc na
súl.
Cúramach (Pacáiste Bataire)
Ná hÚsáid le hAon Táirge Eile
Féadtar an paca bataire seo a athluchtú agus gabhann sé
leis an táirge seo. Má úsáidtear an paca bataire le táirge
eile seachas an táirge a ghabhann sé leis, d'fhéadfadh
ligean leictrilíte, teas, adhaint nó maidhm a tharlú.
Ná hÚsáid Ach na Modhanna a Shonraítear Chun An
Bataire a Luchtú
Má úsáidtear an paca bataire le táirge eile seachas an
táirge a ghabhann leis, d'fhéadfadh ligean leictrilíte, teas,
adhaint nó maidhm a tharlú.
Ná Caith an Bataire sa Tine nó Ná Lig don Bhataire
Teacht i dTeagmháil Leis an Iomarca Teasa
D'fhéadfadh teas, adhaint nó maidhm a tharlú.
Ná hÚsáid Dioscaí Atá Scoilte nó Míchumtha
Toisc go gcasann na dioscaí faoi ardluais, d'fhéadfadh
dioscaí damáistithe briseadh óna chéile agus gortú a
tharlú.
• Dioscaí atá míchruinn agus dioscaí gur deisíodh iad le
greamachán, tá siad araon dainséarach agus mar sin ní
chóir iad a úsáid.
Ná hArdaigh an Fhuaim ina hIomlán Nuair a Úsáidtear
Cluasáin
Dfhéadfadh caillteanas éisteachta a tharlú toisc a bheith
ag éisteacht le fuaimeanna arda a bhíonn róspreagthach
don chluas ar feadh tréimhsí fada ama.
Úsáid an Módeim le Gnáth-líne Teileafóin
D'fhéadfadh tine nó geit leictreach a tharlú má
cheanglaítear an táirge le líne teileafóin inmheánach
(lasc-chláir san áitreabh) in oifig cuideachta nó gnó, srl.,
nó le teileafón poiblí digiteach nó má úsáidtear an táirge i
dtír nó i limistéar nach bhfuil oiriúnach don ríomhaire.
Ná Ceangail Líne Teileafóin, nó Cábla Líonra Eile Ach
Amháin an Ceann a Shonraítear, leis an bPort LAN
Má cheanglaítear an port LAN le líonra, mar shampla
ceann de na líonraí atá liostaithe thíos, d'fhéadfadh tine
nó geit leictreach a tharlú.
• Líonraí ach amháin 1000BASE-T, 100BASE-TX nó
10BASE-T
• Línte gutháin (Guthán PI (Teileafón Prótacail Idirlín),
Línte Teileafóin, línte teileafóin inmheánacha (lasc-
chláir san áitreabh), gutháin phoiblí dhigiteacha, srl.
Ná hÚsáid an Táirge Seo in Aice le Do Chraiceann ar
Feadh Tréimhse Fada
Má úsáidtear an táirge seo agus má bhíonn do
chraiceann in aice le foinse teasa an táirge nó an
chuibheoir AC ar feadh tréimhse fada d'fhéadfadh dó a
tharlú ag teocht íseal.
Ná ciur an ríomhaire in aice le teilifís nó glacadóir
raidió.
Ná cuir an ríomhaire in aice le maighnéid. D'fhéadfadh
na sonraí ar an diosca crua a bheith caillte.
Sreang IdirAghaidh
Úsáid sreang Idiraghaidh a bhfuil níos faide ná 3 m – níl
se molta.
Déantar an Teas Foircneach a Sheacaint (An Tine,
Solas Gréine Díreach, mar Shampla)
D'fhéadfadh ligean leictrilíte, teas, adhaint nó maidhm a
tharlú.
Ná Cuir Míreanna Géara isteach sa Phaca Bataire, Ná
Buail É nó ná Cur Turraing Leis, Ná Dídhíol nó Ná
Athraigh É
D'fhéadfadh ligean leictrilíte, teas, adhaint nó maidhm a
tharlú.
Ná Déan na Pointí Dearfacha (+) agus Diúltacha (-) a
Ghearrchiorcad
D'fhéadfadh teas, adhaint nó maidhm a tharlú. Ná
coimeád an paca bataire le hearraí, mar shampla
11-Ga-1
105

Hide quick links:

Advertisement

Table of Contents
loading

This manual is also suitable for:

Cf-y7 seriesCf-y7b

Table of Contents